Skip to main content
Normal View

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Questions (694)

Éamon Ó Cuív

Question:

694. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48368/14]

View answer

Written answers

Mar chuid den obair ar dhréacht-Phlean Fórsa Oibre mo Roinnse do 2014, rinneadh réamh-iniúchadh ar na poist ina bhfacthas go bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon a bheith riachtanach. Mar thoradh ar sin, rinneadh 72 phost a aithint mar mheastachán tosaigh ar an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Chlúdaigh dáileadh na bpost a bhí aitheanta gráid ag gach leibhéal thar réimsí gnó uile na Roinne. Cé nár aithníodh go mbeadh aon cháilíocht fhoirmeálta de dhíth, glactar leis nach mór go mbeadh baill foirne sna poist aitheanta in ann gnó na Roinne a dhéanamh sa dá theanga oifigiúil.

Ós rud é go bhfuil an próiseas sa chás seo fós idir lámha, tuigfidh an Teachta nach bhfuiltear in ann figuiúrí deimhnitheacha a thabhairt ag an bpointe seo. Is ag na gráid seo a leanas, áfach, atá an 72 phost atá aitheanta go dáta ar bhonn eatramhach:

Post

Méid

Ard-Rúnaí

1

Rúnaí Cúnta/Stiúrthóir

2

Príomhoifigeach

3

Príomhoifigeach Cúnta

12

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

12

Oifigeach Feidhmiúcháin

15

Oifigeach Foirne

1

Oifigeach Cléireachais

15

Oifigeach Seirbhíse

2

Gráid eile

9

Top
Share