Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (259)

Éamon Ó Cuív

Question:

259. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1434/15]

View answer

Written answers

Dhearbhaigh suirbhé ar bhaill foirne, a cuireadh i gcrích in 2012 le heolas a fháil faoi leibhéal an éilimh á bhraistint ag an Roinn ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, gur fíoríseal ar fad líon na gcumarsáidí faighte i nGaeilge le blianta beaga anuas. Toisc nach bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin i leith, níl aon phost aitheanta ag mo Roinnse ina próiseas pleanála d'fhórsa saothair áit ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge mar réamhriachtanas dá chuid.

I gcomhréir lenár gcuid oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, tá mo Roinnse tiomanta don chumarsáid le cliaint ar mian leo a gcuid gnó leis an Roinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá socruithe i bhfeidhm áit ina bhfuil naonúr ball foirne tagtha chun cinn ar bhonn deonach le páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna iomchuí lena gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú. Tá an oiliúint seo á soláthar ionas go mbeidh cohórt ball foirne againn ar féidir leo cuidiú le haonaid ghnó freagra a thabhairt do chliaint ar mian leo cumarsáid trí mheán na Gaeilge.

Beidh cumas mo Roinne féin cumarsáid le custaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge á choinneáil faoi athbhreithniú i gcomhthéacs Scéim Ghaeilge 2014-2017 na Roinne agus beidh súil á choinneáil freisin ar mhéadú ar bith san éileamh óna leithéid de chustaiméirí ar an saoráid seo. Cuireadh an Dréachtscéim Ghaeilge 2014-2017 faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le haghaidh faofa in 2014, i gcomhréir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Top
Share