Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (324)

Éamon Ó Cuív

Question:

324. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1424/15]

View answer

Written answers

Go dtí seo, tá dhá phost i mo Roinn ina bhfuil inniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla de dhíth. Post Oifigeach Feidhmiúcháin i Rannán Gnóthaí Corparáide na Roinne agus post Oifigeach Cléireachais in Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl iad na poist sin. Tá líofacht i nGaeilge de dhíth sa dá phost.

Tá an post Oifigeach Feidhmiúchán le líonadh faoi láthair mar gheall ar ardú céime agus líonfar é chomh luath agus is féidir.

Top
Share