Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (370)

Éamon Ó Cuív

Question:

370. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú [1428/15]

View answer

Written answers

Níl aon phoist sonracha sa Roinn ina dteastaíonn daoine atá in ann feidhmiú go dátheangach. Tá leibhéal áirithe inniúlachta i nGaeilge de dhíth i measc na foirne chun oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus chun cuidiú le déileáil le corr-fhiosrúchán i nGaeilge. Coinníonn an Roinn liosta de bhaill foirne atá inniúil sa Ghaeilge agus atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge má iarrtar sin orthu agus ba leor sin go dtí seo chun ár riachtanais ina leith a chomhlíonadh.

Top
Share