Tá post amháin ag an Roinn faoi láthair, mar Aistritheoir, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh sealbhóir an phoist sin dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
Is é príomhról an Aistritheora Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. Tá an tAistritheoir ar leabhéal atá coibhéiseach le leibhéal Príomhoifigigh Chúnta.
Líon beag ceisteanna agus fiosruithe a fhaigheann an Roinn as Gaeilge agus de ghnáth is é an tAistritheoir a dhéileálann leo. Aistríonn an tAistritheoir comhfhreagras i nGaeilge a fhaigheann an Roinn agus cuirtear ar aghaidh go dtí an Rannán iomchuí é.
Níl iniúchadh foirmeálta déanta ag mo Roinn ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil ach, bunaithe ar mheasúnú a rinneadh roimhe seo, tá an Roinn sásta, bunaithe ar an éileamh, gur féidir leis an Aistritheoir freastal ar an riachtanas. Seolfaidh mo Roinn iniúchadh i 2015 i dteannta mheasúnú leanúnach na Roinne ar riachtanais foirnithe faoin gcreat pleanála fórsa oibre. Ar ndóigh, tá dul chun cinn sa réimse seo ag brath ar líon na ndaoine san earnáil phoiblí agus sriantachtaí earcaithe a chomhlíonadh.
Ina theannta sin, measann an Roinn gur mór an cúnamh é cohórt a bheith á chothabháil aici de bhreis is 50 oifigeach atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (is é sin, ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) as Gaeilge don Roinn, go háirithe ag cur san áireamh leibhéal na gceisteanna agus na bhfiosruithe a fhaigheann an Roinn as Gaeilge.