Skip to main content
Normal View

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Questions (957)

Éamon Ó Cuív

Question:

957. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Gaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1427/15]

View answer

Written answers

Tar éis an t-ábhar seo a scrúdú in 2014, chuir mo Roinn in iúl don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nach bhfuil aon riachtanas i mo Roinn faoi láthair le haghaidh poist a dteastaíonn Státseirbhísigh atá inniúil ar an nGaeilge agus ar an mBéarla lena n-aghaidh. Leanfar de bheith ag déanamh athbhreithniú air sin i bhfianaise athruithe ar riachtanais ghnó. Mar sin féin, tá roinnt ball foirne i mo Roinn a bhfuil scileanna Gaeilge acu agus is féidir leas a bhaint as na scileanna sin de réir mar a bhíonn gá leo. Seo gráid na mball foirne sin:

Grád

Líon na mball foirne

Leas-Rúnaí

1

Príomhoifigeach

2

Príomhoifigeach Cúnta

3

Ardoifigeach Feidhmiúcháin

2

Oifigeach Riaracháin

1

Oifigeach Feidhmiúcháin

1

Stiúrthóir Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

1

Druileálaí Cúnta

1

Ina theannta sin tá conradh déanta ag mo Roinn le hOifigeach Gaeilge páirtaimseartha.

Top
Share