Skip to main content
Normal View

Scéim na dTinneas Fadtéarmach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 January 2015

Wednesday, 21 January 2015

Questions (151)

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

151. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte an dtabharfaidh sé sonraí faoi liosta na dtinneas fadtréimhseach; an bhfuil beartaithe téarmaí ar nós 'mental handicap' a athrú ar an liosta i bhfianaise an téarma sin a bheith seanchaite agus dímholta; an bhfuil beartaithe nuashonrú eile a dhéanamh ar an liosta i bhfianaise na dtinneas fadtréimhseach ar fad atá air ach nach dtugtar aitheantas dóibh a thuilleadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2879/15]

View answer

Written answers

Bunaíodh an Scéim Tinneas Fadtéarmach de réir Alt 59(3) den Acht Sláinte 1970 (mar atá leasaithe). Rinneadh rialacháin le linn 1971, 1973 agus 1975 ag sonrú na riocht atá clúdaithe faoin Scéim Tinneas Fadtéarmach, atá mar a leanas: Bac intinne/ meabhair, Tinneas intinne (do dhaoine faoi 16 d'aois amháin), Diabetes insipidus, Diabetes mellitus, Haemafilia, Pairilis cheirbreach, Feinilcéatónúire, Titeamas, Fiobríos chisteach, Scléaróis iolrach, Spina bifida, Diostróife Mhatánach, Hidriceifileas, Galar Parkinson, Géarleoicéime and reachta de thoradh Tailídimíde.

Faoi láthair, níl i gceist cur le liosta na riocht faoin Scéim Tinneas Fadtéarmach nó an téarmaíocht sa Scéim a leasú.

Top
Share