Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 February 2015

Tuesday, 10 February 2015

Questions (133)

Michael P. Kitt

Question:

133. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na polasaithe atá aici mar gheall ar chúrsaí farantóireachta agus cúrsaí taistil go dtí na hoileáin Ghaeltachta, go hairithe Inis Bó Finne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5597/15]

View answer

Oral answers (6 contributions)

Fáiltím roimh an Aire Stáit. Bhí ceist agam cúpla mí ó shin faoi thaisteal go dtí na hOileáin Árann agus go hInis Bó Finne. Ba mhaith liom fáil amach cén chaoi a bhfuil an taisteal sin ag dul ar aghaidh agus go háirithe faoi Inis Bó Finne mar gheall ar an méid airgid a chaitear gach bliain, €20,020 gach bliain do na haerstráicí ar Inis Bó Finne agus sa Chloigeann, i gContae na Gaillimhe. Cén dul ar aghaidh atá ann ó chur mé an cheist cúpla mí ó shin?

Tá sé mar pholasaí ag mo Roinn tacú le seirbhísí iompair, atá sábháilte agus rialta, do na hoileáin a bhfuil daonra buan orthu, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta. Tacaíonn na seirbhísí iompair seo - idir seirbhísí farantóireachta, aeir agus lastais - le forbairt inbhuanaithe na n-oileán. Maoiníonn mo Roinn seirbhísí iompair a fhreastalaíonn ar 16 oileán, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta, faoi 24 chomhaontú éagsúil. Chomh maith leis sin, bíonn cúnamh áirithe ar fáil ó mo Roinn, trí na húdaráis áitiúla ábhartha, d'oibreacha chun uasghrádú a dhéanamh ar infreastruchtúr rochtana ar na hoileáin féin nó ar infreastruchtúr ar an mhórthír chun freastal ar na hoileáin.

Ní miste a rá go bhfuil mé sásta go mbeidh an soláthar céanna de €5.9m ar fáil do mo Roinn in 2015 le haghaidh seirbhísí iompair do na hoileáin. Chomh maith leis sin, beidh soláthar de €644,000 ar fáil do mo Roinn in 2015 le caitheamh ar chothabháil infreastruchtúir ar na hoileáin.

Maidir le hlnis Bó Finne i gContae na Gaillimhe, cuireann mo Roinn seirbhís iompair farantóireachta agus seirbhís lastais ar fáil faoi fhóirdheontais don oileán. Tháinig conradh nua farantóireachta do phaisinéirí, a mhairfidh cúig bliana, i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2015. Faoin gconradh seo, cuirtear 14 seoladh fillte in aghaidh na seachtaine ar fáil don oileán. I gcás seirbhís lastais, cuirtear dhá sheoladh lastais ar fáil don oileán go seachtainiúil.

Tá an tAire Stáit ag labhairt faoi chonradh mar gheall ar aersheirbhís do na hOileáin Árann agus tá sé sin an-tábhachtach, go háirithe mar go bhfuil muintir na n-oileán ag súil anois leis an samhradh agus go mbeidh turasóirí ag teacht go dtí na hoileáin. Táim ag caint freisin faoi chúrsaí oideachais agus scoláirí ag dul ar scoil, go háirithe cúrsaí gnó ar na hoileáin agus freisin córas taistil do dhaoine atá tinn nó daoine atá orthu dul go dtí na hospidéil. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil an conradh sin deimhnithe anois sna míonna agus na blianta atá amach romhainn chun seirbhís aeir agus farantóireachta a chur ar fáil?

Chuir an Teachta ceist faoi gach oileán, oileáin na Gaeltachta agus na hoileáin lasmuigh den Ghaeltacht, Inis Bó Finne, mar shampla. Mar atá a fhios aige, tá seirbhís fhíor-mhaith ann. Chuaigh mé go dtí Inis Arcáin, agus Oileán Thóraí i mo cheantar féin. Bhí mé lasmuigh den oileán Árainn Mhór. Tá na seirbhísí seo iontach tábhachtach agus tá sár-obair ar siúl.

D'ardaigh an Teachta an cheist faoi sheirbhísí farantóireachta ar Inis Bó Finne.

D'ardaigh an Teachta ceist maidir leis an aerstráice fosta. Cuireadh tús leis an gconradh i mí Eanáir, mar a dúirt mé ag tús na díospóireachta inniu. Tá an conradh sin i bhfeidhm ón gcéad lá de mhí Eanáir an bhliain seo. Tá mé sásta leis an gconradh sin agus leis an tseirbhís atá ar fáil faoin tseirbhís laistis fosta. Beidh cuid mhór seoladh fillte ar fáil. Beidh 14 seoladh fillte ar fáil in aghaidh na seachtaine. Tá na seirbhísí seo fíor-thábhachtach do dhaoine atá i mbun oibre. Aontaím leis an Teachta maidir leis an méid a dúirt sé faoi sheirbhísí dochtúra agus sláinte agus a leithéid. Tá an ceangal idir na hoileáin - pé an oileán lasmuigh de cheantar Gaeltachta nó laistigh atá i gceist - agus an mhórthír fíor-thábhachtach.

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tseirbhís ar fáil ó thaobh cúrsaí gnó, sláinte agus oideachais de. Níor thug an tAire Stáit freagra maidir leis an gcostas a bhaineann leis an tseirbhís faoi láthair. Sin costas €120,000 gach bliain don aerstráice ar Inis Bó Finne. An bhfuil aon dóchas ag an Aire Stáit go mbeidh aersheirbhís ar fáil go dtí Inis Bó Finne? An bhfuil an tAire Stáit sásta an conradh a bhaineann le hOileáin Árann a shíniú, an tseirbhís sin a choinneáil, feabhas a chur air agus an tséirbhís sin a chur ar fáil go fad-téarmach? Tá imní ar a lán daoine nach mbeidh na seirbhísí sin ar fáil amach anseo.

Tá mé sásta le hachan seirbhís atá á cur ar fáil. Maidir le Inis Bó Finne, ní bhaineann an infheistíocht leis an aerstráice idir Clifden agus Cleggan. Tá cinneadh le déanamh agamsa. Níl an cinneadh maidir leis an aerstráice déanta. Táimse freagrach as an gcinneadh mór. Bhí comhrá agus díospóireacht ann idir na páirtithe leasmhara éagsúla maidir leis an aerstráice idir Clifden agus Inis Bó Finne, ach níl an cinneadh déanta fós. Is mise an tAire Stáit atá freagrach as an gcinneadh sin. Muna bhfuil cinneadh ar fáil, beidh mé i dteagmháil leis an Teachta. Má tá eolas breise ag an Teachta maidir leis na tograí seo, táim sásta éisteacht leis an Teachta maidir leis sin agus má tá eolas breise ar fáil ón Roinn, cuirfidh mé an t-eolas sin ar fáil don Teachta.

Top
Share