Mar a mhínigh mé i mo fhreagra ar Cheist Uimh 37 ón Teachta ar an 22 Deireadh Fómhair 2014, is ceist oibríochtúil í seo d'Fhoras na Gaeilge. Ní mór dom a threisiú arís nach cáilíocht san aistriúchán atá i gcóras creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge ach dearbhú i ndáil le caighdeán oibre an aistritheora.
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl d’aistritheoirí a raibh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí faighte acu roimh 2013 go rachadh an séala atá acu in éag ag deireadh na bliana 2015 ach go gcuirfí scrúdú athchreidiúnaithe ar fáil dóibh idir an dá linn.
Ag eascairt as plé idir Foras na Gaeilge agus na haistritheoirí, tuigim gur cuireadh ar ceal an scrúdú athchreidiúnaithe a bhí beartaithe do 2014 agus gur lorgaíodh moltaí maidir le bearta a chinnteoidh ardchaighdeáin in earnáil an aistriúcháin sa todhchaí.
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur reachtáladh cruinniú le hionadaithe de na haistritheoirí agus go bhfuarthas roinnt moltaí ó aistritheoirí aonair agus ó ghrúpa aistritheoirí fosta. Tar éis d'Fhoras na Gaeilge breithniú a dhéanamh ar na moltaí uile, cuirfear moltaí os comhair an bhoird agus táthar ag súil le cinneadh roimh an gCáisc.