Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 February 2015

Thursday, 12 February 2015

Questions (264)

Éamon Ó Cuív

Question:

264. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a chlúdófar Óileán Árainn Mhór mar chuid den phroiséas pleanála teanga; cén fáth nach bhfuil cead ag an gcomharchumann áitiúil, atá ag obair go dian ar an phleanáil teanga ar an oileán, ionadaí a chur chuig an chúrsa pleanála teanga atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6388/15]

View answer

Written answers

Tá sé i gceist fógraí a fhoilsiú go han-luath faoi alt 7(3) d'Acht na Gaeltachta 2012 chun tús oifigiúil a chur leis an bpróiseas pleanála teanga i 4 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta eile, lena n-airítear Árainn Mhór i gCo. Dhún na nGall. I gcomhthéacs an róil atá sainithe don Údarás mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga faoin Acht, tuigtear do mo Roinnse gur thug an tÚdarás an deis do gach eagraíocht forbartha pobail, lena n-airítear eagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar Árainn Mhór, freastal a dhéanamh ar an gcúrsa dar teideal Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga, atá á reáchtáil faoi láthair ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Top
Share