Mar a fhograíodh i mBuiséad 2012, cuireadh scéim aonair nua sparántachtaí, atá bunaithe ar fhiúntas agus riachtanas airgeadais, in ionad na cúig scéim scoláireachta don Ardoideachas, is iad sin, Scoláireacht Sheachtain na Cásca 1916, An Scéim Scoláireachtaí Triú Leibhéal do Scoláirí ón nGaeltacht, An Scéim Scoláireachtaí Gaeilge Triú Leibhéal (Neamh Theoranta), An Scéim Scolaireachtaí Triú Leibhéal (Trí Ghaeilge: Teoranta), agus Scéim Scoláireachta Donogh O'Malley.
Bronnadh na trí Scoláireachtaí Gaeltachta gan aon chritéir socheacnamaíoch a chur i bhfeidhm. Tá na sparántachtaí nua, áfach, deartha go speisialta chun díriú ar mhic léinn atá ag freastal ar scoileanna DEIS i gceantair faoi mhíbhuntáiste, agus a léiríonn freisin leibhéal de mhíbhuntáiste pearsanta nó teaghlaigh trí bheith i dteideal cárta leighis a bheith acu.
Bronntar damhachtáiní ar bhonn reigiúnda agus is féidir measúnú a dhéanamh ar mhic léinn ó na scoileanna DEIS ar fad. Rinneadh an t-athrú seo chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní gann, chun díriú ar na mic léinn is fearr ó thaobh feidhmiú de, sa chohórt díobh siúd a bhfuil cúnamh airgeadais is mó ag teastáil uathu.
Níl aon phlean faoi láthair na Scoláireachtaí Gaeltachta a chur i bhfeidhm arís.