Skip to main content
Normal View

Bord Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 February 2015

Tuesday, 17 February 2015

Questions (544)

Éamon Ó Cuív

Question:

544. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon ball d’Údarás na Gaeltachta a ainmníonn comhairlí contae; cén líon atá ann faoi láthair; cé mhéad folúntas atá ann i láthair na huaire do bhaill a ainmníonn comhairlí contae; cén uair atá folúntais ann agus cén uair a rinne an chomhairle contae atá i gceist duine a ainmniú leis an bhfolúntas a líonadh; cé chomh fada is gur féidir leis an Aire fanacht gan an té atá ainmnithe ag comhairle contae a cheapadh ar an mBord; an bhfuil aon teacht aniar ag an gcomhairle contae i gcás go ndiúltíonn an tAire an té atá ainmnithe acu a cheapadh; cén fáth go bhfuil moill leis an duine nó na daoine atá ainmnithe ag comhairli contae faoi láthair a cheapadh; an bhféadfadh an tAire moill a chur ar cheapachán mar nár réitigh sí le polaitíocht an té atá ainmnithe in aon chás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6678/15]

View answer

Written answers

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapann an tAire seachtar comhalta, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ina theannta sin, ainmníonn comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, an cúigear comhalta eile don Aire i gcomhar ceapacháin. Faoin Acht, ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar chúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile. I gcás comhaltaí atá ainmnithe ag comhairlí contae na Mí, Phort Láirge agus Chorcaí, is tréimhse dhá bhliain a bhíonn ag na comhaltaí sin.

D'fhógair mé an tseachtain seo caite go raibh ainmní Chomhairle Contae Chorcaí, Aindrias Ó Muineacháin, ceaptha agam ar bhord Údarás na Gaeltachta don tréimhse 10 Feabhra 2015 go dtí 9 Feabhra 2017. Fágann sé sin nach bhfuil aon fholúntas ar an mbord faoi láthair i gcás comhaltaí a ainmníonn comhairlí contae.

Top
Share