Skip to main content
Normal View

Forbairt Pobal

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 March 2015

Thursday, 5 March 2015

Questions (282)

Éamon Ó Cuív

Question:

282. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta leis an mbainistiú atá á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar na hoisrí agus ar na muiríní i gCuan Chill Chiaráin agus i gCuan na Beirtrí Buí; an bhfuil sé i gceist athnuachan a dhéanamh ar an léas atá ag an gcomharchumann áitiúil ar na hacmhainní sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9704/15]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb iad Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. atá i mbun na mbeirtreach atá luaite ag an Teachta a bhainistiú agus a fhorbairt. Is togra pobail é seo a bunaíodh in 1984 agus atá comhdhéanta d’iascairí agus d’fheirmeoirí páirtaimseartha áitiúla. Mar thoradh ar an dea-bhainistíocht atá á déanamh ag an gComharchumann ar na beirtreacha seo, tuigim fosta go bhfuil na baill ag saothrú ioncaim ón acmhainn seo.

Tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil tacaíocht shuntasach tugtha acu don Chomharchumann thar na blianta chun cuidiú leis na hiarrachtaí forbartha ar na beirtreacha seo. Sa bhreis air sin, tuigtear dom gur cheadaigh an tÚdarás ceadúnas nua don Chomharchumann sa bhliain 2013 agus go mairfidh an ceadúnas sin ar feadh tréimhse 9 mbliana agus 9 mí.

Top
Share