Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil i gceist agam leanúint le tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana. Beidh cúnamh ar fáil faoin scéim ó mo Roinnse do theaghlaigh sa Ghaeltacht a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí agus iad ag freastal ar na coláistí Gaeilge. Íocfar deontas laethúil de €9.50 i leith an scoláire do theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim. Íocfar deontas laethúil de €5.00 i leith an scoláire do choláistí cónaitheacha atá aitheanta faoin scéim. Tá na deontais seo mar a chéile is a bhí anuraidh.