Níl spriocdáta agam mar tá na moltaí fós á meas agam. Tá na moltaí aontaithe agus dearfach ach tá a lán acu ann. Is é mo bharúil go ndearbhóidh muid cuid de na moltaí a bhí ar chlár an fhochoiste. Sin atá ar intinn agam agus tá m'oifigigh ag obair go dian orthu.
Chomh maith le sin, bhí mé i dteagmháil le dreamanna eile ar nós, mar a luaigh mé níos luaithe, Conradh na Gaeilge. Bhí mé i dteagmháil leis an gCoimisinéir Teanga fosta. Tá a fhios agam agus ag an Teachta go bhfuil an coimisinéir neamhspleách ón Rialtas. Bhí comhrá maith agam leis agus tá moltaí aige fosta. Táim ag staidéar achan moladh atá ar an mbord agam anois, ó na dreamanna éagsúla, ón gcoimisinéir agus ón bhfochoiste.
Tá mórán oibre ar siúl ar an straitéis 20 bliain. Mar shampla, tá Foras na Gaeilge freagrach as an gceantar taobh amuigh den Ghaeltacht agus as an obair Thuaidh-Theas. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as na limistéir pleanála agus tá neart oibre eile ar siúl ar an dtalamh. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na daoine atá ag obair ar son na teanga.