I dtús báire, ní miste a rá go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir. É sin ráite, cuireadh allúntas ar leith de €0.5m ar fáil don chéad uair riamh don Straitéis i Vóta mo Roinne anuraidh. Caitheadh an t-airgead sin ar ghníomhaíochtaí breisluacha ar leith chun tacú leis an Straitéis agus leis an bpróiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta. Is ar mhaithe leis na haidhmeanna céanna a chur i gcrích a chaithfear an t-allúntas méadaithe de €0.551m atá ar fáil don Straitéis i Vóta mo Roinne i mbliana.
Ón uair gur ceapadh mé mar Aire Stáit, bhí dhá chruinniú den Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ann ar a d’fhreastail mé féin agus an tAire Humphreys. Reáchtáladh an dá chruinniú seo ar an 29 Meán Fómhair agus an 8 Nollaig 2014. Táthar ag súil leis go mbeidh an chéad chruinniú eile den Choiste Rialtais ar an 30 Márta 2015.