D’fhógair an tAire ar 16 Eanáir 2015, d’fhonn plean an Rialtais i gcomhair cuíchóiriú Gníomhaireachtaí Stáit a thabhairt chun cinn, go mbunófar an Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach mar chomhlacht neamhspleách faoi Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Is í an fhís do chomhlacht nua an Mhoil Dhigitigh faoi Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go dtiocfaidh fás leanúnach ar ionad beoga gníomhaíochta fiontraíochta digití i gceantar Bhaile Átha Cliath 8, ag a mbeidh tacaíocht ó mheascán d’fhorbairtí de chuid na hearnála poiblí agus príobháidí araon a rachaidh i ngleic leis an anchaoi leanúnach shuntasach ar a champas, a thacóidh le cruthú post agus ar thoradh dó athghiniúint shuntasach cheantar na Saoirsí.
Mar chomhlacht neamhspleách, coinneoidh an Mol Digiteach a fhócas digiteach tráchtála agus an fhéiniúlacht agus brandáil ar ghné thábhachtach í den fhorbairt rathúil atá déanta aige ar fhiontraíocht dhigiteach in Éirinn. Cinnteofar leis seo go leanfaidh an Mol Digiteach de chlú Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann a mhéadú agus a dhaingniú mar ionad barr feabhais digiteach.
Tugann an cónascadh deis do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus don Mhol Digiteach araon leas a bhaint as sinéirgí a chuimsíonn fás na fiontraíochta, bainistiú agus forbairt réadmhaoine, athghiniúint uirbeach agus tionscnaimh phobail.
Ag ullmhú dóibh i gcomhair an athraithe, tá samhail nua straitéise agus maoinithe comhaontaithe ag Bord an Mhoil Dhigitigh a chuirfidh ar chumas an chomhlachta feidhmiú trí fhócas níos mó ar an bhfiontraíocht dhigiteach agus cur lena mhealltacht mar shuíomh braisle le haghaidh eolais, nuála agus cruthaitheachta agus an comhlacht a chur go láidir i dtreo na neamhthuilleamaíochta ag an am céanna.
Éascófar leis an straitéis nua don Mhol Digiteach freisin méadú na hacmhainne oifige trí fhorbairt agus athchóiriú na bhfoirgneamh a bhfuil cuid mhór díobh in anchaoi nó ar struchtúir chosanta iad, ar a champas i mBaile Átha Cliath 8.
Tá mo Roinn ag obair ar na gnéithe riaracháin agus dlí den chónascadh agus i gcomhairle leis na croípháirtithe leasmhara, Ranna eile Rialtais san áireamh, maidir leis seo.