Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Ospidéil

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 March 2015

Tuesday, 24 March 2015

Questions (602)

Pearse Doherty

Question:

602. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Sláinte maidir le ceist Dála (tagairt: 39876/14), an 14 Samhain 2014, an bhféadann sé a insint an bhfaighidh an duine i gceist coinne ospidéil roimh Mhárta 2015; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11429/15]

View answer

Written answers

Iarradh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) an t-ábhar seo a scrúdú agus freagra a sholáthar don Teachta a luaithe is féidir. Muna bhfuil freagra ón HSE faighte ag an Teachta laistigh de 15 lá oibre déan teagmháil le do thoil le mo Oifig Phríobháideach agus déanfaidh siadsan fiosrúcháin leo faoin scéal.

Top
Share