Roimh an 1 Bealtaine 2013 d'fhéadfadh múinteoirí a bhí ar shaoire mháithreachais leas a bhaint as uasmhéid de 30 lá breise neamhláithreachta íoctha in ionad tréimhsí ina mbíodh an scoil dúnta le linn na tréimhse céanna den 26 seachtaine de shaoire mháithreachais. Cuireadh deireadh leis seo i mBuiséad 2013 nuair a chinn an Rialtas nach bhféadfaí na laethanta breise íoctha seo a dhlisteanú a thuilleadh.
Níor cuireadh isteach ar theidlíocht reachtúil múinteoirí ar 26 seachtaine de shaoire mháithreachais íoctha agus 16 seachtaine roghnacha de shaoire mháithreachais gan phá mar gheall ar an gcinneadh seo.
In Imlitir 0009/2013 de chuid mo Roinne clúdaítear na Teidlíochtaí um Chosaint Mháithreachais do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus Iarbhunscoileanna Aitheanta agus eisíodh é seo ar an 5 Feabhra 2013.