Faomhadh an duine a ainmníodh chun bheith rannpháirteach i Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta (AEOS 2) 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011 agus eisíodh íocaíocht maidir le blianta 2011, 2012 agus 2013 na Scéime. Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna eile íocaíochta limistéarbhunaithe, is gá seiceáil chuimsitheach riaracháin a chríochnú, cros-seiceálacha san áireamh leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Roghnaíodh an t-iarratas le haghaidh iniúchadh talún, a rinneadh an 9 Meán Fómhair 2014. I rith an iniúchta seo, tugadh neamhchomhlíonadh Théarmaí agus Choinníollacha na Scéime faoi deara maidir leis an ngníomh ‘Féarach ar Mhórán Speiceas’. B’éard a bhí mar thoradh ar seo ná gur gearradh pionós. Eisíodh litir don duine ainmnithe a chur ar an eolas é faoi seo an 8 Márta 2015. Tá an comhad á phróiseáil faoi láthair ar bhonn thorthaí an iniúchta agus tá sé de rún íocaíocht a eisiúint maidir leis an mbliain 2014 lúide asbhaintí a luaithe is féidir.