Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 April 2015

Wednesday, 15 April 2015

Questions (899)

Éamon Ó Cuív

Question:

899. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bheidh deireadh leis an gconradh reatha farantóireachta chuig Inis Meáin agus Inis Oírr; an bhfuil i gceist aici gurb é conradh amháin do na trí oileán Árann a bheidh in aon chonradh nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13866/15]

View answer

Written answers

Tiocfaidh deireadh leis an gconradh farantóireachta reatha do phaisinéirí go hInis Meáin agus Inis Oírr ar 31 Deireadh Fómhair 2017. Glacfar cinneadh in am trátha maidir le comhdhéanamh aon chonradh nua tar éis athbhreithniú iomlán a bheith déanta agus ag tógáil moltaí na bpáirtithe leasmhara san áireamh.

Top
Share