Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 April 2015

Tuesday, 21 April 2015

Questions (704)

Éamon Ó Cuív

Question:

704. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad ionad atá scrúdaithe ag an Roinn maidir lena bhfeiliúnacht mar ionad d’imeachtaí agus do ranganna coláistí Gaeilge; cad iad na ciorruithe, más ann dóibh, atá curtha i bhfeidhm i ngach ionad acu faoi seach; cad é líon iomlán na scoláirí a bheidh ceadaithe i ngach ionad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15236/15]

View answer

Written answers

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 283 den 5ú Márta 2015. Mar is eol don Teachta, iarradh ar na coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht eolas a chur ar fáil do mo Roinn roimh dheireadh 2014 faoi na hionaid a bheadh in úsáid acu do chúrsaí 2015. Ó thús na bliana seo, tá cuairt tugtha ag innealtóir mo Roinne ar 59 de na hionaid sin agus tá sé beartaithe go dtabharfar cuairt ar na hionaid eile chomh luath agus is féidir. Bhí an cur chuige seo aontaithe le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) roimh ré.

Ach na hoibreacha riachtanacha atá sonraithe ag mo Roinn a bheith déanta ar na hionaid, ní fheictear do mo Roinn go mbeidh gá le mórán ciorruithe agus go mbeifear in ann an líon céanna foghlaimeoirí a cheadú sna hionaid - a bheag nó a mhór - agus a bhí ceadaithe anuraidh. Ní miste a nótáil go bhfuil an cur chuige seo idir lámha ag mo Roinn ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht na scoláirí sna coláistí Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú.

Top
Share