Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 April 2015

Thursday, 30 April 2015

Questions (22)

Seán Kyne

Question:

22. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta an conradh maidir le Seirbhís Aeir d'Oileáin Árann a tharraingt siar mar gheall ar an imní atá ar mhuintir Árann maidir le sonraí an chonartha. [16833/15]

View answer

Written answers

I gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh, rinneadh athbhreithniú anuraidh ar riachtanas na seirbhíse aeir. Cuireadh tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid mo Roinne a chlúdaigh an tréimhse ó 2003 go 2013. Rinneadh measúnú sa tuarascáil ar leibhéal agus ar threocht na gcostas don tseirbhís aeir agus ar an chomhréireacht idir an oibleagáid seirbhíse poiblí agus riachtanais forbartha eacnamaíochta an réigiúin.

I measc nithe eile, léiríodh sa tuarascáil go raibh caiteachas bliantúil mo Roinne ar an tseirbhís aeir tar éis méadú faoi 136% le linn na tréimhse athbhreithnithe ó €800,000 in 2003 go €1.9 milliún in 2013, cé gur fhan líon na bpaisinéirí mórán mar a chéile le linn na tréimhse ag thart ar 40,000 paisinéir in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, dúradh sa tuarascáil go raibh sé riachtanach breathnú ar roghanna éagsúla chun luach ar airgead níos fearr a fháil don Státchiste. Is sa chomhthéacs sin a d'ullmhaigh mo Roinn, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, an t-iarratas ar thairiscintí a foilsíodh le déanaí don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go 30 Meán Fómhair 2019.

Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, tá bunleibhéal seirbhíse iarrtha don chonradh nua. Faoin iarratas ar thairiscintí, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.

Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh, caithfear an t-iarratas ar thairiscintí a fhoilsiú ar a laghad 6 mhí roimh thús an chonartha úir. Sa chomhthéacs go dtiocfaidh deireadh leis an tseirbhís reatha ar an 30 Meán Fómhair 2015, tá sé beartaithe ag mo Roinn leanúint ar aghaidh leis an iarratas ar thairiscintí atá foilsithe. Tá spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh.

Top
Share