Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 April 2015

Thursday, 30 April 2015

Questions (5)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

5. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí tuairisc maidir leis an gcóiríocht atá in úsáid ag na coláistí samhraidh ar fad a fhaigheann tacaíocht ón Roinn; cad iad na socruithe atá á ndéanamh chun go sásóidh na foirgnimh ar fad na caighdeáin chuí agus, i gcás nach amhlaidh, cén tionchar a bheidh ag an méid sin ar líon na ndaltaí ar féidir leo freastal orthu nó cén socrú a chuirfear i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16963/15]

View answer

Written answers

Tá riarachán na gcoláistí Gaeilge faoi chúram mo Roinne ó 2010 i leith agus tá mo Roinn freagrach as polasaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a chinnteoidh ardchaighdeáin sa chóras ina iomláine. Déantar é seo i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá sé fíor-thábhachtach go rachfaí i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge go bliantúil, go háirithe mar a bhaineann sé le sábháilteacht na bhfoghlaimeoirí fad a bhíonn siad sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs seo, ní mór do choistí stiúrtha na gcoláistí aird a thabhairt ar na moltaí i leith na cóiríochta a dhéanann oifigigh de chuid mo Roinne agus/nó cigirí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna agus na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Mura bhfuil mo Roinn sásta leis an chóiríocht ar fad atá curtha ar fáil do na foghlaimeoirí, is féidir nach dtabharfar aitheantas do chúrsaí sna coláistí Gaeilge go dtí go bhfuil mo Roinn lánsásta go bhfuil an chóiríocht oiriúnach.

Bhí 52 coláiste Gaeilge, a raibh aitheantas mo Roinne acu faoin scéim, ag feidhmiú in 2014. Ag deireadh na bliana sin, iarradh ar na coláistí sin eolas a chur ar fáil faoi na hionaid a bheadh in úsáid acu do chúrsaí 2015. Ó thús na bliana seo, tá cuairteanna tugtha ag innealtóir mo Roinne ar gach coláiste faoin scéim. Cé go bhfuil ceisteanna ann faoi roinnt bheag ionaid, meastar gur féidir a bhformhór a réiteach. Bhí an cur chuige seo aontaithe ag mo Roinn le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS) roimh ré.

Sa chás go bhfuil oibreacha riachtanacha le déanamh ar ionaid atá in úsáid ag aon choláiste le cinntiú go bhfuil sé sábháilte, is féidir iarratas ar chúnamh a dhéanamh chuig mo Roinn faoin Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga chun na hoibreacha sin a chur i gcrích. Sa chás go meastar go bhfuil ionad neamhoiriúnach ar fad in úsáid ag coláiste Gaeilge, déanfaidh mo Roinn gach iarracht teacht ar shocrú eile leis an choláiste, más féidir.

Tá mé dóchasach go mbeidh aon oibreacha riachtanacha déanta roimh thús na gcúrsaí in 2015 agus dá bhrí sin, go mbeidh mo Roinn ábalta na hionaid a bhí in úsáid ag na coláistí Gaeilge anuraidh a cheadú arís i mbliana. Mar thoradh ar an chur chuige seo, tá súil agam nach mbeidh aon srian curtha ar líon na scoláirí a bheidh in ann freastal ar na coláistí Gaeilge i mbliana.

Questions Nos. 6 to 11, inclusive, answered orally.
Top
Share