Mar is eol don Teachta, lainseáladh an Clár Comórtha Céad Bliain d'Éire 2016 ar an 31 Márta. Tá an Ghaeilge fite fuaite tríd an chlár go léir, chomh maith le bheith mar snáithe faoi leith den chlár. Tá béim faoi leith sa snáithe Gaeilge, An Teanga Bheo, ar raon imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuirfear i láthair trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht le linn 2016. Ós rud é go bhfuil sé ar cheann d’aidhmeanna an chláir Ghaeilge aird a tharraingt ar thábhacht agus ar luach na Gaeltachta mar áit a bhfuil an Ghaeilge ina teanga phobail bhríomhar i gcónaí, tá i gceist go mbeidh láithreacht chuí ag an Ghaeltacht sa chlár.
Is deis faoi leith é Éire 2016 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge, a hoidhreacht a thabhairt chun cuimhne agus an todhchaí atá aici a athshamhlú. Tá An Teanga Bheo curtha i dtoll a chéile i ndiaidh dul i ndáil-chomhairle leis na páirtithe leasmhara. Cuimsítear mór-imeachtaí, clár digitithe, léachtaí, díospóireachtaí agus seimineáir, imeachtaí ealaíon agus acmhainní foghlama ar-líne sa chlár. Is é an cuspóir ná an teanga a chur i láthair an phobail mar ghné bhríomhar dár bhféiniúlacht, dár sochaí, dár stair agus dár gcultúr.
Ina theannta sin, is I an aidhm atá leis an chlár ná feasacht an phobail maidir leis an Ghaeilge a spreagadh, chomh maith le rannpháirtíocht, díospóireacht, machnamh agus athshamhlú a chothú faoin ré atá caite, faoi staid reatha na teanga agus faoina bhfuil i ndán di. Cuirfear tuilleadh sonraí faoin chlár Gaeilge, atá á chur le chéile ag mo Roinn i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, ar www.ireland.ie de réir mar a fhorbraítear é.