Faoi Scéim na bhFoghlaimeóirí Gaeilge, íoctar deontas laethúil de €27 le teaghlaigh cháilithe ar oileáin Ghaeltachta chun daltaí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a choinneáil ar iostas fad a bhíonn siad ag freastal ar mheánscoileanna ar na hoileáin sin. Cuidíonn an scéim le hinmharthanacht na meánscoileanna sin ar na hoileáin Ghaeltachta.
Tá scoileanna ar Árainn, Inis Meáin agus Inis Oírr i nGaillimh páirteach sa scéim agus 12 theaghlach ag cur lóistín ar fáil do na daltaí ar na hoileáin sin. Is iad na scoileanna a dhéanann earcaíocht ar na daltaí, a roghnaíonn na tithe lóistín agus a chuireann na daltaí ar iostas sna tithe lóistín. Is iad na scoileanna fosta atá freagrach as na daltaí fad a bhíonn siad ar na hoileáin.
Nuair a cuireadh tús leis an scéim seo sa bhliain 2007, d’íoc mo Roinn deontas i leith 13 dalta an bhliain sin. Tá deontas á íoc ag mo Roinn i leith 34 dalta in 2015. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil an t-éileamh ar an scéim ag méadú i rith an ama.
Déantar athbhreithniú ar an scéim go rialta. Cuirtear nithe éagsúla san áireamh mar chuid de na hathbhreithnithe sin, lena n-áirítear an t-éileamh ó na meánscoileanna ar na hoileáin agus an tionchar a d'fhéadfadh líon iomarcach daltaí ó cheantair lasmuigh den Ghaeltacht a imirt ar theanga phobal na meánscoileanna agus ar theanga phobal na n-oileán féin.
Tugtar sonraí sa tábla thíos faoin líon daltaí agus an caiteachas go dáta ó cuireadh tús leis an scéim:
Bliain
|
Caiteachas
|
Líon daltaí - Árainn
|
Líon daltaí - Inis Meáin
|
Líon daltaí - Inis Oírr
|
Líon iomlán daltaí
|
2007
|
€68,460
|
0
|
8
|
5
|
13
|
2008
|
€65,110
|
2
|
8
|
3
|
13
|
2009
|
€62,870
|
4
|
8
|
1
|
13
|
2010
|
€77,340
|
3
|
10
|
2
|
15
|
2011
|
€91,950
|
4
|
10
|
4
|
18
|
2012
|
€125,340
|
11
|
12
|
1
|
24
|
2013
|
€159,741
|
5
|
12
|
9
|
26
|
2014
|
€127,953
|
10
|
13
|
12
|
35
|
2015*
|
€65,745
|
10
|
13
|
11
|
34
|
*Íochta go dáta