Skip to main content
Normal View

Irish Language

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 May 2015

Tuesday, 26 May 2015

Questions (6, 7)

Gerry Adams

Question:

6. Deputy Gerry Adams asked the Taoiseach when the Cabinet sub-committee on Irish and the Gaeltacht last met. [2156/15]

View answer

Joe Higgins

Question:

7. Deputy Joe Higgins asked the Taoiseach when the Cabinet sub-committee on Irish and the Gaeltacht last met. [3367/15]

View answer

Oral answers (5 contributions)

I propose to take Questions Nos. 6 and 7 together.

The Cabinet sub-committee on Irish and the Gaeltacht last met on 30 March 2015.

Tá a fhios ag an Taoiseach go bhfuil an Ghaeltacht faoi níos mó bhrú ná mar a bhí riamh agus tá géarchéim ann sa Ghaeltacht agus i bpobal na Gaeltachta mar gheall ar an Rialtas seo agus Rialtais eile agus a mbeartais laige. Chuir na beartais seo le dul i léig na Gaeilge mar ghnáth-theanga na ndaoine.

The Irish language is under greater pressure than ever, particular in Gaeltacht communities which are losing much needed resources. The number of children being taught through the medium of Irish is declining. The previous Irish language commissioner, Seán Ó Cuirreáin, criticised the Government strongly over this and resigned in protest. In January, his successor Rónán Ó Domhnaill made practical recommendations to the Joint Committee on Public Service Oversight and Petitions and the Joint Committee on the Environment, Culture and the Gaeltacht published its report on the general scheme of the official languages (amendment) Bill. I do not have time to deal with this in detail, but the joint committee put forward a range of recommendations that would enable the language to remain as a living vibrant language if it was fostered and nurtured by the State and its institutions. It has been in the public arena for some time that the heads of the Bill will not reflect the recommendations of the joint committee.

It is ridiculous that the Government is not keeping to its strategy and commitments. The commissioner also reported the Department of Education and Skills to the Houses of the Oireachtas because it has failed to fulfil its obligations under the Education Act 1998. Other bodies that were in breach in respect of the use of Irish included the Railway Procurement Agency, Dublin Bus and the HSE.

Does the Taoiseach accept that the report by the Comisinéir Teanga is evidence that the State is not doing enough to protect and encourage the Irish language and go bhfuil sé soiléir nach bhfuil ag éirí leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. An ndéanfaidh an Taoiseach athbhreithniú iomlán neamhspleách ar an straitéis seo?

Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labhartha faoi níos mó bhrú ná mar a bhí le fada. Is fíor a rá nach bhfuil ach 1,000 dalta ag caint Gaeilge mar ghnáth-theanga sna Gaeltachtaí ag an bpointe seo. Bhí brú ann ón imirce. Tá brú ann faoi láthair straitéis oideachais trí Bhéarla a thabhairt isteach sna scoileanna Gaeltachta ag an bpointe seo. Is deacracht é seo go gcaithfimid glacadh leis. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil na Gaelscoileanna ar fud na tíre ag déanamh togha oibre ó thaobh oideachas trí Ghaeilge a thabhairt do na daltaí agus do na gasúir atá ag freastal orthu, ach níl an rud ceannann céanna ag tarlú sna Gaeltachtaí faoi láthair. Mar a dúirt mé, níl ach suas le 1,000 dalta ag caint Gaeilge mar ghnáth-theanga sna Gaeltachtaí ag an bpointe seo.

Aontaím leis an Teachta agus leis an tuarascáil a d'fhoilsigh an coimisinéir nach bhfuil cuid de na heagrais, comhairlí contae agus Ranna Stáit ag déanamh a ndíchill chun an Ghaeilge a choiméad agus a láidriú agus a bheith ina teanga ar féidir duine ar bith a úsáid i leith a chuid ghnó laethúil. Cé go bhfuil cinnlínte Bhille le tabhairt isteach anseo, is féidir linn, mar Oireachtas, an díospóireacht sin a bheith againn ó thaobh na Ghaeilge, na canúna agus múineadh na teanga de agus ó thaobh céard atá in ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge as seo amach.

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil airgead á chaitheamh an t-am ar fad, go bhfuil togha oibre á déanamh i gcuid de na háiteanna agus go bhfuil an-obair déanta le blianta anuas ach níl sé chomh láidir agus ba chóir. Nuair a thabharfaidh an tAire Stáit an Bille isteach anseo le díospóireacht a bheith againn, is féidir linn, mar Dháil, díospóireacht i bhfad níos leithne a bheith againn ar chúrsaí Gaeltachta, ar an nGaeilge, ar mhúinteoireacht sa Ghaeltacht agus sna scoileanna Gaeltachta agus ar an obair atá á déanamh ag na Gaelscoileanna ar fud na tíre. Beimid in ann breathnú orthu sin, straitéis a bhunú agus athruithe a dhéanamh más féidir agus más cóir ionas go mbeidh i bhfad níos mó oibre á déanamh taobh istigh de na heagrais ar fud na tíre i leith na teanga agus í a labhairt agus go mbeidh cead ag an ghnáthdhuine a chuid ghnó a dhéanamh as Gaeilge más mian leis é sin a dhéanamh.

Le linn na tuarascála a d'fhoilsigh an coimisinéir, is fíor agus is léir nach bhfuil an jab á dhéanamh mar ba chóir agus go gcaithfimid déileáil leis sin as seo amach. B'fhéidir, más mian leis an Teach, go mbeidh díospóireacht againn ó thaobh na tuarascála sin nó ag éirí as an mBille a thabharfaidh an tAire Stáit isteach. Beimid ar a laghad dírithe ar na deacrachtaí seo i dtreo is go mbeimid in ann moltaí ón Aire Stáit a chur chuig an Rialtas i leith an bhuiséid atá le teacht agus go bhfeicfimid an féidir linn níos mó a dhéanamh nó níos mó áiseanna a dhíriú ar na deacrachtaí agus na fadhbanna atá ann ag an bpointe seo.

Níl na moltaí sa Bhille. Ar lámh amháin-----

Beimid in ann é a leathnú amach.

Written Answers follow Adjournment.
Top
Share