Le leasuithe a tugadh isteach sa scoilbhliain 2012-13, cruthaíodh aon phróiseas simplithe leithdháilte amháin don tacaíocht foghlama agus don tacaíocht teanga araon. Ag an mbunleibhéal, leithdháiltear uaire tacaíochta foghlama nó teanga ar bhonn na bpost príomhshrutha múinteoireachta ranga sa scoil. Tá neamhspleáchas ag na scoileanna chun an acmhainn seo a imlonnú idir tacaíocht foghlama agus tacaíocht teanga ag brath ar riachtanais shainiúla na scoile. Rinneadh foráil freisin leis na socruithe nua do phoist bhuana bhreise mhúinteoireachta a thabhairt do scoileanna a bhfuil comhchruinniú mór daltaí iontu a bhfuil tacaíocht teanga ag teastáil uathu. Soláthraítear tacaíocht bhreise shealadach freisin, de réir mar is gá, do scoileanna a bhfuil comhchruinnithe móra daltaí (20% den rollachán iomlán ar a laghad) iontu a bhfuil tacaíocht teanga ag teastáil uathu. Déantar na leithdháiltí seo ar bhonn achomhairc ag scoil ar bith de na scoileanna seo chuig Bord na nAchomharc um Fhoirniú. Tá na critéir achomhairc leagtha amach sna socruithe foilsithe foirnithe.
Tá na socruithe foirnithe do bhunscoileanna don scoilbhliain 2015/16, na socruithe a bhaineann le tacaíocht foghlama nó teanga ina measc, leagtha amach i gCiorclán mo Roinne 0005/2015 atá le fáil ar shuíomh idirlín mo Roinne.