Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Questions (411)

Éamon Ó Cuív

Question:

411. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21525/15]

View answer

Written answers

De réir a hoibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mo Roinnse tiomanta do chumarsáid a dhéanamh le cliaint ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá Scéim Ghaeilge 2010 – 2013 mo Roinnse, atá le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne, ag cur le Prionsabail Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus leis an tiomantas atá luaite i gCairt Chustaiméirí na Roinne, d'fhonn a chinntiú gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh. Tá eolas le fáil sa Scéim faoi na seirbhísí atá á soláthar trí Ghaeilge i láthair na huaire, mar aon le heolas faoi na réimsí sin a bhfuil sé beartaithe iad a fheabhsú amach anseo. Chomh maith leis sin, tá tiomantas luaite ann measúnú a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar an éileamh atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge d'fhonn a chinntiú go leanann an Roinn le freastal ar an éileamh sin ar bhealach pleanáilte, soiléir agus inrochtana.

Tarraingítear aird i ndréacht-Scéim Ghaeilge 2014-2017 mo Roinnse, scéim a cuireadh faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta lena faomhadh i nDeireadh Fómhair 2014, de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar réimsí a ndéanfar tuilleadh feabhais orthu ag brath ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar. Tá plé leanúnach maidir leis an dréacht-Scéim ar siúl idir mo Roinnse agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Foilseofar an Scéim ar láithreán gréasáin na Roinne nuair a bheidh sí faofa.

De réir mo thiomantais comhlachtaí caidrimh thionsclaíoch agus cearta fostaíochta an Stáit a athchóiriú, seoladh láithreán gréasáin nua Caidreamh san Áit Oibre (http://www.workplacerelations.ie) ar an 30 Meán Fómhair 2013. Is ann don láithreán gréasáin seo in ionad láithreán gréasáin na gcúig Chomhlacht Caidreamh san Áit Oibre (an tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an Binse Achomhairc Fostaíochta, an Chúirt Oibreachais agus an Binse Comhionannais), láithreán gréasáin arb ionann é agus foinse shingil, údarásach eolais maidir le cearta fostaíochta, caidreamh tionsclaíoch agus seirbhísí gaolmhara. Tá nasc chuig leagan Gaeilge den leagan reatha de láithreán gréasáin Caidreamh san Áit Oibre le feiceáil go soiléir ar an leathanach baile. Tá thart ar 40% de na leathanaigh ar fáil trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin, tá líon beag Treoirleabhar agus Bróisiúr Eolais, as Gaeilge agus as Béarla, le fáil ar an láithreán gréasáin.

Ar thosach feidhme an Achta um Chaidreamh san Áit Oibre 2015, d'fhonn na gceart fostaíochta agus na struchtúr caidrimh thionsclaíoch athbhreithnithe atá ag eascairt as an reachtaíocht sin a chur san áireamh, déanfar míreanna éagsúla de láithreán gréasáin Caidreamh san Áit Oibre a athbhreithniú. Tá sé beartaithe, i ndiaidh fhaomhadh agus sheoladh ábhar athbhreithnithe an láithreáin ghréasáin, go mbeidh céatadán níos mó de na leathanaigh seo ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Chomh maith leis sin, déanfar athbhreithniú ar na bileoga agus ar na leabhráin eolais agus cuirfear leaganacha Gaeilge agus Béarla díobh ar fáil. Is de réir a chéile a dhéanfar é seo, ag brath ar acmhainní foirne agus airgeadais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Tá obair ar siúl go leanúnach ag mo Roinnse agus é mar aidhm láithreán gréasáin na Roinne a athdhearadh. Is é atá mar aidhm ag mo Roinnse láithreán gréasáin a fhorbairt a bheidh níos éasca a úsáid agus a thabharfaidh deis níos fearr do chustaiméirí tairbhe a bhaint as na seirbhísí atá á soláthar ag an Roinn. Tá obair á déanamh, de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, d'fhonn a chinntiú go leanfar le hábhar trí Ghaeilge a sholáthar ar an láithreán gréasáin nua.

Tá a Scéimeanna Gaeilge féin foilsithe ag oifigí éagsúla mo Roinnse lena n-áirítear an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO), Cláraitheoir na gCara-chumann (RFS) agus Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach (ODCE). Sonraítear sna Scéimeanna seo, atá ar fáil ar láithreán gréasáin gach Oifig, na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge i láthair na huaire agus na réimsí a bhfuil sé beartaithe iad a fheabhsú amach anseo.

Is iad na Gníomhaireachtaí atá faoi scáth mo Roinnse atá freagrach as a mbeartais féin a fhorbairt maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus níl aon fheidhm dhíreach agamsa chomh fada is a bhaineann leis seo. Tá iarrtha agam, áfach, ar gach Gníomhaireacht eolas maidir lena mbeartais a chur in iúl dom, eolas a chuirfear ar fáil don Teachta Dála a luaithe a bheidh a leithéid ar fáil.

Top
Share