I mí Dheireadh Fomhair 2013, dhaingnigh an tAire sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim teanga faoi alt 14 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Oige. Leagann an Scéim seo amach an méid ina bhfuil seirbhísí ar fáil faoi láthair trí mheán na Gaeilge, agus aithníonn sí réimsí ar féidir iad a fheabhsú sa todhchaí. Is féidir cóip den Scéim a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne, www.dcya.gov.ie nó is féidir cóip chrua a fháil trí ríomhphost a chur chuig an Roinn. Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimshe trí bliana. Ag deireadh an chéad bhliain feidhme, rinne an Coimisinéir Teanga iniúchadh ar fheidhmiú na scéime. Beidh an tuairisc faireacháin ar an gcéad bhliain feidhme den Scéim le fáil uaidh go luath.