Mar a luaigh mé cheana, is é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as cur chun feidhme an gClár Brústocaireachta 2015. Forálann Alt 9 den Acht go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an gClár Brústocaireachta a bhunú agus a choimeád ar bun. Deireann Acht Alt 10(2) go ndéanfar an Clár a choimeád i cibé foirm is cuí leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Cuirfear tús leis an An Acht um Brústocaireacht a Rialáil ar 1 Meán Fómhair, 2015. Tá mo chuid oifigeach ag obair go dlúth leis an gCoimisiún um Chaighdeáin i ullmhú do thús na reachtaíochta. Mar sin féin, is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin agus comhlacht nach bhfuil feidhm dhíreach agam ar.
Tugaim faoi deara gur comhlacht poiblí é an Coimisiún um Chaighdeáin. Ní mór dóibh cloí le riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar ndóigh táim cinnte go ndéanfaidh siad amhlaidh. Tuigim go bhfuil rún ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh gach ábhar ábhartha agus riachtanach chun cabhrú le comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta ar fáil ar an suíomh i nGaeilge. Tuigim freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go mbeidh éine ar mian leo a chlárú nó a chomhdú tuairisceán i nGaeilge a bheith in ann é sin a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil foireann an Coimisiún in ann seirbhís a chinntiú sa dá theanga arna iarraidh sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi pleananna an Choimisiúin um Chaighdeáin, lena n-áirítear eolas ar sheirbhísí i nGaeilge dóibh siúd a n'iarraidh orthu, ba mhaith liom a mholadh do pháirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin go díreach. Ba mhaith liom freisin a thuilleadh go rachaidh siad i gcomhairle leis an láithreán gréasáin ag www.lobbying.ie, a sheoladh ar an 30 Aibreán 2015, chun deis a thabhairt do cláraithe a bheith eolach ar an gcóras.