Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 June 2015

Thursday, 18 June 2015

Questions (25)

Éamon Ó Cuív

Question:

25. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a dhéanfar cinneadh ar na tairiscintí atá faighte d'aersheirbhís go hÁrainn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23544/15]

View answer

Written answers

Tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 foilsithe. Is é an 22 Meitheamh 2015 an spriocdháta chun tairiscintí a dhéanamh. Cuirfear tús leis an bpróiseas measúnaithe ina dhiaidh sin. Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh, is gá go mbeidh an cinneadh déanta dhá mhí roimh thús an chonartha.

Top
Share