Skip to main content
Normal View

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 June 2015

Wednesday, 24 June 2015

Questions (223)

Éamon Ó Cuív

Question:

223. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair atá sé i gceist aici cóiríocht bhuan a cheadú do Ghaelscoil Riada agus don Ghaelscoil i mBaile Átha an Rí; cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an dá thogra seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25254/15]

View answer

Written answers

Tá oifigigh de chuid mo Roinne ag obair go dlúth faoi láthair le hoifigigh de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le suíomhanna cuí a fháil chun éascú le soláthar lín áirithe tionscadal tógála scoile sa cheantar dá dtagraíonn an Teachta. Táthar ag cur an phróisis fála seo chun cinn i gcónaí. Cuirfear soláthar buanchóiríochta scoile do na scoileanna dá dtagraíonn an Teachta chun cinn go dtí an próiseas pleanála ailtireachta a luaithe a bheidh na ceisteanna maidir le fáil na suíomhanna réitithe.

Top
Share