Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do nuachtáin agus d’irisí Gaeilge i gcomhréir lena fheidhm reachtúil úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh ar bhonn uile-oileáin. Maidir le maoiniú a chur ar fáil do nuachtáin agus d’irisí ar leith, is ceist oibríochtúil í sin d’Fhoras na Gaeilge. Tuigtear dom go ndearna bord an Fhorais an cheist seo a mheas roinnt uaireanta agus gur tógadh sainchinntí ina leith. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ionchur nó tionchar a bheith aici maidir le cásanna oibríochtúla.
Bunaithe ar a straitéis pobal léitheoireachta Gaeilge inmharthana a chothú agus an luach is fearr ar airgead a chinntiú trí ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne, tuigtear dom go bhfuil na conarthaí foilseacháin seo a leanas bronnta ag Foras na Gaeilge mar thoradh ar chóras tairisceana poiblí: nuachtán seachtainiúil (Tuairisc.ie), iris stíl mhaireachtála (Nos.ie) agus foilseachán liteartha (Comhar).
Tuigtear dom fosta go bhfuil an straitéis seo á feidhmiú mar thoradh ar thaighde agus plé cuimsitheach ar nósanna léitheoireachta a thionscain Coiste Nuachtáin agus Irisí Fhoras na Gaeilge agus go léiríonn na figiúirí léitheoireachta go dtí seo go bhfuil ag éirí leis an chur chuige seo.