Ní éigeantach ach deonach atá sé úsáid a bhaint as Eircode agus ní bheidh aon cheanglas ann seoltaí atá ann cheana féin i nGaeilge nó i mBéarla a athrú. Ní dhéantar ach an t-éirchód a chur i ndiaidh an tseolta atá ann cheana féin bíodh sé as Béarla nó as Gaeilge. Tá an t-éirchód deartha sa chaoi is go bhfuil sé neodrach ó thaobh na teanga de, le tacaíocht ó na comhlachtaí Gaeilge, mar go meastar gur sonraí seachas teanga atá ann. Cé is moite de na cóid cheantair atá i mBaile Átha Cliath cheana féin, beidh gach éirchód neodrach ó thaobh suímh de sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. Tá ábhar cur chun cinn agus litreacha fógartha postchóid curtha i dtoll a chéile ag Eircode i gcomhairle le Conradh na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge agus cuirfear chuig gach seoladh poist sa Stát iad. Tá baill foirne dhátheangacha ar fáil i lárionad glaonna Eircode chun glaonna as Gaeilge ón bpobal a fhreagairt. Leanfaidh mé orm ag obair le heagraíochtaí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh gach gné den tionscadal ag cloí le riachtanais ó thaobh na Gaeilge de.