Skip to main content
Normal View

Soláthar Iompar Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 September 2015

Tuesday, 22 September 2015

Questions (1300)

Éamon Ó Cuív

Question:

1300. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil saorthaisteal ar fáil chuig Gaelcholáiste Chiarraí do dhaltaí atá cáilithe le haghaidh saorthaisteal (sonraí tugtha) agus atá ag iarraidh iompar saor in aisce ar an mbus ó Oileán Chiarraí a bhíonn ag dul chun na scoile sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31579/15]

View answer

Written answers

Faoi théarmaí Scéim Iompair Iarbhunscoile mo Roinne, cáilíonn páistí don iompar scoile má chónaíonn siad 4.8 ciliméadar ón lárionad oideachais is gaire dóibh agus má fhreastalaíonn siad ar an lárionad oideachais is gaire dóibh, faoi mar a chinneann mo Roinn/Bus Éireann é, agus ag féachaint do chúrsaí éitis agus do chúrsaí teanga.

Páistí a cháilíonn don iompar scoile agus a shealbhaíonn Cárta Leighis bailí (Scéim na Seirbhísí Ginearálta Míochaine), díolmhaítear iad ón táille bhliantúil a íoc.

Tá curtha in iúl ag Bus Éireann, a oibríonn an Scéim Iompair Scoile ar son mo Roinne, go bhféadfaidh na páistí dá dtagraíonn an Teachta leas a bhaint as seirbhís iompair scoile i rith na scoilbhliana reatha ar an mbonn seo.

Top
Share