Éamon Ó Cuív
Question:1536. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha an nglacann sé leis go mbraitheann úsáid éifeachtach Eircode, do dhaoine atá ag lorg Eircode le haghaidh seoltaí poist i nGaeilge, ar bhunachar críochnúil seoltaí a bheith ar fáil a bheidh ar chomhchéim agus ar chomhchaighdeán leis an mbunachar céanna i mBéarla mar a thuairisc an sainghrúpa, a raibh ionadaíocht ag a Roinn féin air, i Márta 2015; an nglacann sé leis go bhfuil sé riachtanach go réiteoidh foras stáit éigin an t-easnamh sa mbunachar Gaeilge atá ann le go mbeidh sé sásúil sa dá theanga oifigiúla; cad iad na céimeanna atá i gceist aige a ghlacadh i dteannta le ranna eile rialtais leis an bhfadhb seo a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30538/15]
View answer