Skip to main content
Normal View

Cásanna Dlí Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 September 2015

Tuesday, 22 September 2015

Questions (528)

Éamon Ó Cuív

Question:

528. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a chuirfear eolas ar fáil don Chomhchoiste Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir a d’iarr mé air ag an gCoiste ar an 30 Meitheamh 2015 maidir le cás a tharla in 2011 (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31578/15]

View answer

Written answers

Ag cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais Talmhaíochta, Bia agus Mara ar 30 Meitheamh, ghlac mé de chúram an Coiste a sholáthar le soiléiriú ar an mbreithiúnas Ard-Chúirte ar an gcás atá i gceist. Scríobh mé chuig Cathaoirleach an Choiste ar 16ú Iúil chun an t-eolas seo a sholáthar, tuigim gur scaipeadh an t-eolas chuig comhaltaí ar fad idir an dá linn.

Top
Share