I gcómhthéacs Scéimeanna Íocaíochta Dhíreacha agus Bearta Forbartha Tuaithe a sheachadadh, ní mór do mo Roinn babhta bliantúil iniúchtaí a dhéanamh ag cuimsiú incháilitheacht an talún fógartha chun íocaíochtaí a tharraingt anuas agus critéir incháilitheachta scéim-sonraithe, nuair is cuí.
Forordaíonn rialúcháin rialaithe gur ceart seiceanna incháilitheachta a dhéanamh ar íosmhéid de 5% de thairbhíthe faoi gach ceann de na scéimeanna limistéir-bunaithe, ag cuimsiú Scéim na Limistéar faoi Shrian Sonracha (Oileáin). Roghnaítear cásanna iniúchta trí chomhcheangal de roghnú randamach agus ar bhunús riosca. Ceadaíonn na rialúcháin do roghnú cásanna d’iniúchadh faoi níos mó ná scéim amháin, le líon na cuairteanna feirme a íoslaghdú. As na 35 cás roghnaithe d’iniúchadh faoin Scéim Limistéar faoi Shrianta Sonracha (Oileáin) le talamh fógraithe ar an hOileáin Árainn, Gaillimh, bhí 28 de na cáis seo roghnaithe d’iniúchadh faoin Scéim Bhuníocaíochta. Bhí na 7 cás atá fágtha roghnaithe d’iniúchadh faoi na Scéimeanna Bhuníocaíochta agus Limistéar faoi Shrianta Sonracha araon.
Ní féidir le hiniúchtaí incháilitheachta tosú amach go dtí dáta deiridh d’fháil iarratais agus críochnú phróiseáil tosaigh de na hiarratais faighte. Tugtar faoi iniúchtaí chomh tapa agus is féidir ag cur na cineálacha iniúchta éagsúla agus líon na n-iniúchtaí le déanamh laistigh de réigiún iniúchta san áireamh.
Críochnaíodh na hiniúchtaí san allamuigh do na 35 cás seo agus beidh gach cás próiseáilte do bhailchríoch, ag cuimsiú nuashonrú an Chórais Aitheanta Dáileachtaí Talún nuair is gá. Níl sé indéanta toradh deiridh na n-iniúchtaí seo a mheas go dtí go bhfuil na torthaí iniúchta próiseáilte go hiomlán agus go bhfuil an tUaslimistéar Incháilithe i ndiadh iniúchta bunaithe.
Nuair atá laghduithe limistéara le feidhmiú mar thoradh ar an iniúchadh, cuirfear in iúl do thairbhíthe faoi seo nuair atá próiseáil na cáise críochnaithe go hiomlán. Sa chás go bhfuil táirbhí míshásta le toradh an iniúchta beidh an ceart acu athbhreithniú den chinneadh a iarraidh.