Skip to main content
Normal View

Scéim Tacaíochta Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 September 2015

Tuesday, 22 September 2015

Questions (550)

Éamon Ó Cuív

Question:

550. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoin Scottish derogation i ndáil le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32145/15]

View answer

Written answers

Thaisc an duine ainmnithe iarratas faoi bheart maolaithe Albanach den Scéim Bhuníocaíochta ar 8ú Bealtaine 2015. Tá próiseáil d’iarratais Maoilaithe Albanacha faoi shiúl agus tosóidh litreacha ag cur torthaí a n-iarratais in iúl d’iarratasóirí go luath i mí Dheireadh Fómhair.

Top
Share