Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 32 ar 30 Aibreán 2015 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, léiríonn torthaí Údarás na Gaeltachta don bhliain 2014 gur cruthaíodh an líon is airde post sa Ghaeltacht anuraidh ón bhliain 2008 i leith. D’éirigh leis an Údarás 737 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2014 agus bhí 7,682 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite. Is é an sprioc fostaíochta atá ag an Údarás do 2015 ná 570 post nua a chruthú agus 7,000 post a choinneáil i gcliantchuideachtaí an Údaráis. Tuigim ón Údarás go bhfuil siad dóchasach go n-éireoidh leo na spriocanna sin a bhaint amach. Mar is eol don Teachta, tá tábhacht ar leith ag baint le tiomantas athnuaite an Rialtais i leith forbairt réigiúnach na tíre ina iomláine. Sa chomhthéacs seo, leanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, ag iarraidh infheistíocht shuntasach a mhealladh chuig an Ghaeltacht.
In 2015, leanfaidh an tÚdarás air ag maoiniú réimse de thionscadail a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, le béim ar leith ar mhicreathionscadail agus ar chomhlachtaí atá ag tosú as an nua. Lena chois sin, aithníonn an tÚdarás an gá atá le forbairt scileanna chun feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta do phobal na Gaeltachta agus chun cuidiú le fostaithe i gcliantchuideachtaí an Údaráis a gcuid scileanna a uasghrádú. Cabhróidh an cur chuige seo chun táirgí nua a fhorbairt, margaí nua a aimsiú agus dá thoradh sin méadú a chur ar acmhainneacht fáis agus ar rathúlacht ghnóthaí na Gaeltachta.