Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2015

Thursday, 24 September 2015

Questions (14)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

14. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuireann sí fáilte roimh leathnú scéim Líofa ar fud an oileáin ó tá an scéim sin á cur i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael trína chlubanna timpeall na tíre. [32134/15]

View answer

Written answers

I dtús báire, ní foláir dom a mhíniú go mbaineann an tionscadal Líofa leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann. Sheol an tAire Ní Chuilín an tionscadal sa bhliain 2011 leis an sprioc go gcláródh 1,000 duine ó thuaidh leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Ag eascairt as an tsuim a léiríodh sa tionscadal, tuigtear dom gurb é an sprioc reatha ná go mbeidh 20,000 duine cláraithe do Líofa faoi dheireadh na bliana seo. Mar is eol don Teachta, eascraíonn na polasaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa dlínse seo ó fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus tá an iliomad gnríomhaíochtaí dearfacha agus praiticiúla ar siúl faoin Straitéis chun na críche sin. Tá an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí deonacha náisiúnta, ar nós an Chumainn Lúthchleas Gael, i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge aitheanta sa Straitéis.

Feidhmíonn an Cumann Lúthchleas Gael ar bhonn uile-oileáin agus tá struchtúir i bhfeidhm aige chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach i gcoitinne, ar a n-áirítear Coiste Náisiúnta na Gaeilge atá lonnaithe i bPáirc an Chrócaigh, coistí cúige, coistí contae agus oifigigh Ghaeilge/Chultúir. Sa chomhthéacs seo, cuirim fáilte roimh thiomantas an Chumainn Lúthchleas Gael do chur chun cinn na Gaeilge agus roimh na beartais agus na gníomhaíochtaí éagsúla a úsáideann an CLG chun na críche sin, lena n-áirítear a thacaíocht don tionscadal Líofa.

Top
Share