Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2015

Thursday, 24 September 2015

Questions (17)

Michael P. Kitt

Question:

17. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí sásta leis an moladh ón bhfochoiste atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh 10% de na hoibrithe poiblí in ann gnó a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32184/15]

View answer

Written answers

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuilim tar éis scríobh chuig Airí éagsúla chun dul i mbun plé leo maidir le tionscnaimh pholasaí áirithe a bhfuil sé mar aidhm acu forbairt a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge. Cuimsíonn an cur chuige seo moltaí éagsúla atá déanta maidir leis an ábhar seo.

Tá an méid seo a leanas san áireamh sna tionscnaimh pholasaí seo:

- Na céatadáin íosta do na painéil do dhátheangaigh fheidhmiúla a ardú ón íosmhéid de 6% i gcomórtais earcaíochta do ghráid neamh-speisialtóireachta. Is í an mhianaidhm an céatadán a ardú ar bhonn incriminteach go dtí 20% thar thréimhse ama, ag tosú le hardú go dtí 10% mar thús.

- Treisiú a dhéanamh ar an gcreatlach pleanála don fhórsa saothair do Ranna trína gcuirtear iachall orthu mír ar leith a bheith sna pleananna gníomhaíochta don fhórsa saothair a shonraíonn na poist/réimsí oibre ina mbíonn gá le dátheangaigh fheidhmiúla le fócas ar leith ar an nGaeltacht.

Top
Share