Éamon Ó Cuív
Question:630. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ar dheontas chun athchóiriú agus deisiúchán a dhéanamh ar Ché an Tuairín, Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe; an bhfuil sé i gceist aici an deontas a cheadú agus, má tá, cén uair a dhéanfar an obair ar an gcé seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32747/15]
View answer