Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 October 2015

Wednesday, 14 October 2015

Questions (118)

Éamon Ó Cuív

Question:

118. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeadh sí sásta casadh le toscaireacht ó phobal Inis Meáin le ceist forbairt Ché an Chalaidh Mhóir a phlé leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35932/15]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, is cúram do Chomhairle Contae na Gaillimhe Cé an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin agus tá an Chomhairle freagrach as forbairt agus cothabháil na cé sin. Cé nach bhfuil aon airgead ar fáil domsa don fhorbairt faoi láthair, tá mé sásta, ar ndóigh, bualadh le toscaireacht ón oileán chun an cheist a phlé leo, ach iarratas dá leithéid a fháil uathu.

Top
Share