Éamon Ó Cuív
Question:45. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais cad iad na socruithe atá déanta chun a chinntiú go mbeidh na foirmeacha dá dtagraítear in Ionstraim Reachtúil 398 de 2015 ar fáil i nGaeilge, ar iad a éileamh, de bhun an bhreithiúnais in Ó Beoláin v Fahy sa Chúirt Uachtarach; an bhfuil socrú déanta chun gur féidir na gairis anála agus na hIonstraimí Reachtúla a ghabhann leis an leagan Gaeilge den fhoirm a chur ar fáil, ar iad a éileamh; cad iad na socruithe atá déanta chun freastal ar dhuine a dhiúltaíonn an leagan Béarla a shíniú de réir a gceart bunúsach, mar a sonraíodh sa Chúirt Uachtarach iad, agus chun a chinntiú go mbeidh leagan Gaeilge den fhoirm ar fáil i gcónaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35885/15]
View answer