Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 October 2015

Tuesday, 20 October 2015

Questions (317)

Éamon Ó Cuív

Question:

317. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar cinneadh maidir le hiarratas ar theidlíochtaí faoin "Scottish Derogation" i ndáil le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36343/15]

View answer

Written answers

Sheol an duine a ainmnítear iarratas ar leithdháileadh teidlíochtaí faoi ‘Maolú na hAlban’ an 8 Bealtaine 2015. Tá an t-iarratas seo á phróiseáil faoin gcatagóir ‘Maolú na hAlban’ (‘Scottish Derogation’) den Chúlchiste Náisiúnta.

Tá próiseáil iarratas ar an gCúlchiste Náisiúnta ar siúl faoi láthair. Tá seiceálacha riaracháin agus feirme agus sonraí talún a seoladh ar aghaidh faoin iarratas ar Scéim Buníocaíochta 2015 a fhíordheimhniú i gceist leis an bpróiseáil. Ceanglaítear go ndéantar na seiceálacha seo faoi Rialachán an AE.

Nuair a chríochnaítear na seiceálacha go léir agus nuair a chuirtear próiseáil na n-iarratas i gcrích, déanfaidh mo Roinn comhfhreagras díreach le gach iarratasóir chun iad a chur ar an eolas ar thoradh a n-iarratais.

Cuirfear tús le híocaíocht faoi chatagóir ‘Maolú na hAlban’ den chatagóir den Chúlchiste Náisiúnta go luath i Nollaig 2015.

Top
Share