Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 November 2015

Tuesday, 3 November 2015

Questions (1204)

Éamon Ó Cuív

Question:

1204. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén fáth ar thug an tAire Stáit sa Roinn le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimhir 118 an 14 Deireadh Fómhair nach raibh iarratas faighte aige ó phobal Inis Meáin ar chruinniú le ceist fhorbairt na Cé ag an gCaladh Mór a phlé nuair a bhí iarratas curtha chuige an 6 Lúnasa 2015 ar tugadh freagra air an 29 agus an 30 Meán Fómhair; an bhfuil sé i gceist aige anois géilleadh don iarratas seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37785/15]

View answer

Written answers

I bhfreagra a cuireadh ar an gcomhfhreagras den 6 Lúnasa atá luaite ag an Teachta, míníodh gur cúram don Chomhairle Contae an ché seo. É sin ráite, tá mé sásta i gcónaí bualadh le grúpaí ó na hoileáin chun plé a dhéanamh ar nithe éagsúla atá ag déanamh imní dóibh.

Top
Share