Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 November 2015

Thursday, 12 November 2015

Questions (9)

Seán Kyne

Question:

9. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dul chun cinn atá déanta maidir le cruthú pleananna teanga le haghaidh ceantair Ghaeltachta; agus líon na bpleananna atá forbartha agus curtha i ngníomh. [39555/15]

View answer

Oral answers (13 contributions)

Cad é an dul chun cinn atá déanta maidir leis na pleananna teanga le haghaidh ceantair Ghaeltachta? Cad é líon na bpleananna atá forbartha agus curtha i ngníomh?

Mar is eol don Teachta, tá 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta aitheanta chun críche Acht na Gaeltachta 2012. Ó mhí Eanáir 2014 go dáta, tá fógraí déanta i gcomhréir le halt 7(3) den Acht i leith 18 limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Táthar ag súil go mbeidh fógraí déanta i leith an 8 limistéar eile roimh dheireadh 2016. I mí Eanáir 2014, foilsíodh trí fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Ciarraí Thiar; Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. I mí an Mheithimh 2014, foilsíodh sé fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Na Déise; Ciarraí Theas; An Cheathrú Rua; Ceantar na nOileán; Dún na nGall Theas; Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. I mí Feabhra 2015, foilsíodh ceithre fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Árainn Mhór; Conamara Láir; Múscraí; Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. I mí Mheán Fómhair 2015, d'fhoilsigh mé cúig fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Tuaisceart Dhún na nGall; Toraigh; Oileáin Árann; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Ós rud é go bhfuil tréimhse suas le dhá bhliain ag na heagraíochtaí ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta iad chun pleananna teanga a chur faoi bhráid mo Roinne, táthar ag súil go mbeidh pleananna teanga i leith na limistéar a fógraíodh ag tús 2014 á gcur faoi bhráid mo Roinne faoi lár 2016 ar a dhéanaí. Nuair atá pleananna teanga ceadaithe faoin Acht, beidh tréimhse seacht mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta.

Cuirim fáilte roimh an bhfreagra sin. Tá áit lárnach ag pleananna teanga in Acht na Gaeltachta. Cuirim fáilte roimh ráiteas an Aire Stáit faoin dul chun cinn atá déanta. Tá na pleananna tábhachtach ó thaobh thodhchaí na gceantar Gaeltachta. An bhfuil aon phlean críochnaithe fós? An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an bpróiseas atá ann chun na pleananna a ullmhú? An bhfuil sé sásta go bhfuil comhoibriú ann sna ceantair agus limistéir Ghaeltachta idir na páirtithe éagsúla? An bhfuil na grúpaí go léir ag comhoibriú sa phróiseas seo? An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil dóthain airgid ag Údarás na Gaeltachta? Tá sé seo fíor-thábhachtach chun cuidiú leis an bpróiseas agus na pleananna a ullmhú. An aontaíonn an tAire Stáit go gcaithfí an méid airgid atá ar fáil don Údarás a mhéadú chun na pleananna go léir a chríochnú agus foireann a fhostú chun tacú le bunú agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga? An gceapann an tAire Stáit go dteastaíonn tuilleadh airgid ó Údarás na Gaeltachta chun na rudaí seo a chur i bhfeidhm.

Tá an t-airgead tábhachtach. Chomh maith le sin, tá cuid mhór obair ar siúl ar an talamh le dreamanna éagsúla, go mórmhór dreamanna deonacha. É sin ráite, chuir mo Roinn allúntas de €200,000 ar fáil d'Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis sa Ghaeltacht. Sa bhuiséad i mbliana, leis an gciste de €1 milliún a bheidh ar fáil, bhí Vóta mo Roinne do 2016 agus airgead ar fáil don straitéis 20 bliain. Tá muinín agam go mbeidh dóthain acmhainní ar fáil chun cinntiú gur féidir leanúint le cur i bhfeidhm chóras an phróisis pleanála teanga. Aontaím gurb é an rud is tábhachtaí ná na hacmhainní atá ar fáil chun pleananna a chur i bhfeidhm. Gabhaim m'aitheantas le hachan dream ar an talamh, ina measc Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Tá comhrá mór ar siúl. I mo chontae féin, fuair Leitir Ceanainn, chomh maith le cathair na Gaillimhe agus Daingean Uí Chúis, aitheantas mar bhailte seirbhísí Gaeltachta. Tá mé ag iarraidh daoine, bíodh siad sa Ghaeltacht nó lasmuigh, a bogadh ar aghaidh. Cinnte tá an t-airgead agus na hacmhainní iontach tábhachtach-----

Go raibh maith agat, a Aire Stáit.

-----ach tá muinín agamsa maidir leis an obair atá ar siúl. Labhair mé faoi thrí-----

Go raibh maith agat, a Aire Stáit.

Tá brón orm, a Cheann Comhairle. Ní raibh mé ábalta Gaeilge a labhairt an bhliain seo caite. Tá mé ag dul ar aghaidh leis an gceist seo mar tá sé fíor-thábhachtach ó thaobh an straitéis 20 bliain. Tá díospóireacht oscailte ar siúl anois. Beidh trí chruinniú ann roimh mí na Nollag. Beidh siadsan i nDún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Ina dhiaidh sin, beidh cruinniú agus díospóireacht oscailte-----

Go raibh maith agat, a Aire Stáit.

-----maidir leis an straitéis 20 bliain. Beidh seans ann ag an am sin bheith páirteach sa chomhrá agus san díospóireacht. Má tá smaointe ag an Teachta agus ag daoine eile laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, beidh mé sásta an t-eolas breise sin a fháil. Muna bhfuil-----

A Aire, tá an t-am istigh.

Gabh mo leithscéal, a Cheann Comhairle. Tá brón orm.

Question No. 10 cannot be taken as Deputy McFadden is not present.

Question No. 10 replied to with Written Answers.
Top
Share