Fuarthas iarratas faoin Scéim Buníocaíochta i mo Roinn ón duine ainmnithe an 8 Aibreán 2015. Tar éis próiseála, nochtadh dhá cheist maidir le héileamh i dtaca le ceann de na dáileachtaí a dhearbhaigh an duine atá ainmnithe. Réitíodh an cheist seo le déanaí i ndiaidh comhfhreagrais idir mo Roinn agus an duine ainmnithe. Tá próiseáil an iarratais Buníocaíochta curtha i gcrích anois agus eiseofar íocaíocht chomh luath agus is féidir díreach chuig an gcuntas bainc a thug sé.
Maidir le Scéim na Limistéar Srianta Nádúrtha (ANC), tá an scéim sin comhtháite isteach san fhoirm iarratais ar an Scéim Buníocaíochta. Chun iarratas a dhéanamh ar an Scéim sin, iarrtar ar iarratasóirí tic a chur i mbosca ar fhoirm iarratais na Scéime Buníocaíochta. Tá limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha sna dáileachtaí talún atá dearbhaithe ag an duine ainmnithe, ach ní dhearna sé iarratas ar an scéim ANC trí tic a chur sa bhosca. Bhí mo Roinn i dteagmháil leis an duine ainmnithe go luath i mí Lúnasa ag rá leis nach ndearna sé iarratas ar an Scéim ANC agus d’iarramar soiléiriú faoi cad a bhí i gceist aige a dhéanamh maidir le hiarratas a dhéanamh ar an Scéim. Go dtí seo ní bhfuarthas aon fhreagra ón duine ainmnithe.